Amhránaithe
an Chlub

Is oíche amhránaíochta mhíosúil Ghaeilge é Amhránaithe an Chlub a bunaíodh sa bhliain 2021. Tagann siad le chéile an chéad Déardaoin den mhí. Bhíodh an oíche ar bun i gClub Chonradh na Gaeilge i mBÁC go dtí gur dúnadh an áit ar mhaithe lena hathchóiriú. I dTigh Uí Bhruaidí (Briodys) ar Shráid Mhaoilbhríde a bhíonn sí anois. Cuirtear fáilte roimh gach saghas seánra amhrán i nGaeilge: sean-nós, amhráin thraidisiúnta agus stíleanna nua-aimseartha ar nós rapcheoil agus pocheoil freisin. Bíonn fáilte roimh amhráin sna teangacha Ceilteacha freisin agus i dteanga ar bith seachas an Béarla! Tá fáilte chách, idir amhránaithe is éisteoirí!

Amhránaithe an Chlub is a monthly Irish language singing night that was founded in 2021. They meet on the first Thursday of the month. The night used to take place in Club Chonradh na Gaeilge in Dublin until it closed for renovations. It is now located in Briody’s Pub on Marlborough Street. All genres of Irish language singing are welcome.